Fáilte go dtí mo shuíomh idirlín pearsanta. Foilsím faisnéis anseo ar mo chuid spéiseanna taighde agus ar na tionscadail atá idir lámha agam.

 

Is léachtóir le Gaeilge mé in Ollscoil Luimnigh. Tá Céim sna Dána agam (BA Idirnáisiúnta Gaeilge agus Tíreolaíocht, 2007), chomh maith le PhD sa Nua-Ghaeilge (2012), ó ÓÉ Gaillimh.

 

Ainmneacha na mbailte fearainn i mbarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin, Co. na hIarmhí ab ábhar do mo thráchtas dochtúireachta. Chaith mé 2013-15 ag obair in Fiontar, DCU. D’oibrigh me mar Eagarthóir Taighde ar thionscadail dhigitithe Ghaeilge agus Bhéaloidis éagsúla chaith mé breis agus bliain mar Chomhordaitheoir Tionscadail ar Logainm.ie, Bunachar Logainmneacha na hÉireann.

 

Spéiseanna taighde: logainmneacha, sloinnte agus ainmneacha pearsanta na hÉireann; béaloideas, Bailiúchán na Scol go háirithe; an chanúineolaíocht stairiúil, oidhreacht na Gaeilge in oirthear agus i lár na tíre; an dátheangachas san 18ú/19ú haois in Éirinn.